This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Ghlac mé sos ó Substack ar feadh cúpla seachtain. Chomh maith leis sin, ghlac mé sos ó fhoghlaim teangacha. Bhí mé ag streachailt mar gheall ar bhás mo chait dhílse agus cén cuma go mbeadh ar mo shaol gan iad ann. Anuas ar sin, bhí mé ag streachailt le sos a ghlacadh. Is minic a mothaíonn muid nach leor cúis ar bith chun sos a bheith againn nó go mbeadh daoine míshásta lenár gcinneadh, fiú nuair nach gcuireann sé isteach ar a saol féin. Níor thug mé cead dom féin sos a ghlacadh nuair a bhí mé ag foghlaim Gaeilge. Dá mbeadh strus nó brón orm, chaith mé níos lú ama ag déanamh staidéir uirthi ach sin é. Bhí mé i gcónaí faoi dheifir níos mó a fhoghlaim chomh gasta mar a bhí mé in ann. Bhí an sprioc sin níos mó ná fadhb ar bith eile a bhí agam i mo shaol.
Thar na blianta, d’fhoghlaim mé níos mó ná conas Gaeilge a labhairt. D’fhoghlaim mé cé chomh tábhachtach is féidir le sosanna a bheith. Foghlaimeoidh muid níos fearr tar éis sos a ghlacadh.
Nuair a ghlacann muid sosanna, tá muid:
ag laghdú strus agus ag seachaint burnout.
ag próiseáil eolais atá foghlamtha againn - fiú nuair nach bhfuil muid ag smaoineamh faoi!
ag déanamh cinneadh nach bhfuil ár luach bainte leis an méid oibre a dhéanann muid.
Is fúinne atá sé cad is brí le sos. Lean mé ar aghaidh le rudaí áirithe i mo shaol toisc nach raibh an dara rogha agam. Ghlac mé sos ó Substack agus Polainnis mar bhí mé in ann é sin a dhéanamh agus bhí sos éigin de dhíth orm. Ní raibh mé ag éirí as na rudaí seo mar gheall ar easpa suime, ach bhí mé ag iarraidh an brú a bhí orm féin a laghdú.
Uaireanta, scríobh mé do Substack. Agus uaireanta eile, rinne mé staidéar ar an bPolainnis. Rinne mé na rudaí seo toisc go raibh fonn orm iad a dhéanamh.
Ciallaíonn sos go bhfuil muid ag déanamh na rudaí ba mhaith linn a dhéanamh in ionad na rudaí go mothaíonn muid ba chóir dúinn a dhéanamh.
Is féidir linn tosú arís nuair atá muid réidh, ach ba chóir dúinn a bheith grámhar linn féin. Mar shampla, bhí sprioc agam freastail ar rang Polainnise amháin an tseachtain seo. Sin é. Ní chaithfidh mé go leor staidéir a dhéanamh nó foghlaim go leor rudaí nua. Freastail ar rang amháin agus sin é.
B’fhéidir go ndéanfaidh mé níos mó an tseachtain seo chugainn. Agus níos mó an tseachtain ina dhiaidh sin go dtí go mbeidh mé ag déanamh an méid céanna a bhí mé roimhe seo. Tá seans go mbeidh dearcadh nua agam tar éis na tréimhse seo agus b’fhéidir go ndéanfaidh mé níos mó nó níos lú mar gheall ar sin.
Tá seans mór ann go n-athróidh ár dtosaíochtaí agus ár spriocanna tar éis tamaill. Is féidir linn machnamh a dhéanamh orthu tar éis sosa agus cinneadh a dhéanamh conas leanúint ar aghaidh.
Ar bhain tú taitneamh as an alt seo? Subscribe agus seolfar gach alt go díreach chuig do bhosca isteach!
A Bhriana, tá brón orm é sin a chloisteáil faoi na cait, tá sé an-dian peata a chailleadh. Tá an ceart a'd gur gá dhúinn scíth a thógáil. Tugann sé níos mó fuinnimh dho dhuine freisin agus tá sé riachtanach dhon tsláinte.
Go raibh maith agat, a Bhriana! I read your post in the Gaeilge version, with difficulty. I got the sense of it, but a lot of the vocabulary escaped me, alas. I learned Irish at school in the 1940s and 1950s, when the teaching of Irish was of an appalling standard. Got my Internet and Leaving certs in the language but didn’t learn it properly or learn to speak it at all well. That was 70 years ago, so I don’t dare try to write anything in Irish. I still revere the language as part of my culture, though.