An Cheist Is Mó A Chuirtear Orm Mar Fhoghlaimeoir Teanga
Agus cén fáth nach bhfuil sé tábhachtach.
This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Is minic a chuireann daoine an cheist chéanna ormsa nuair a deirim go bhfoghlaimím teangacha mar chaitheamh aimsire…
“An bhfuil tú líofa?”
Déarfainn go bhfuil Gaeilge líofa agam.
Ba mhaith liom mo dhearcadh a mhíniú sula dtosaíonn tú ag ceartú gach rud atá scríofa agam cheana féin. Ní dóigh liom go gciallaíonn líofacht foirfeacht. Déarfainn go gciallaíonn líofacht go bhfuil tú in ann an teanga a labhairt gan stró.
An dtuigeann tú gach rud a chloiseann tú an chuid is mó den am?
Tá tú líofa.
An bhfuil tú in ann do chuid smaointe a chuir in iúl gan mórán stró agus ar bhealach atá daoine eile in ann a thuiscint?
Tá tú líofa.
Ciallaíonn líofacht go bhfuil tú in ann labhairt go nádúrtha, gan stró. Níl tú ag smaoineamh faoin rud ba mhaith leat a rá sa teanga. Tá tú ag smaoineamh sa teanga.
Is féidir linn a bheith líofa agus botúin a dhéanamh go fóill. Ní chaithfidh muid a bheith foirfe nó labhairt go díreach mar chainteoir dúchais.
Ní chiallaíonn líofacht nach bhfuil rud ar bith le foghlaim againn go fóill.
Labhraíonn páiste agus fear gnó a dteanga dhúchais go líofa. Ní labhraíonn siad an caighdeán céanna den teanga áfach. Tá stór focail, tuiscint, agus gramadach go hiomlán éagsúil ag an mbeirt acu. Is speictream í líofacht.
Cathain a mhothaigh mé líofa?
Chaith mé seachtain sa Ghaeltacht ag freastal ar chúrsa le hOideas Gael nuair a bhí dhá bhliain go leith caite agam ag foghlaim Gaeilge. Labhair mé Gaeilge amháin an tseachtain ar fad agus is annamh a bhí mé ag streachailt chun mo chuid tuairimí a chuir in iúl.
É sin ráite, bhí cúpla uair nár thuig daoine eile cad a bhí mé ag rá leo agus cúpla uair nár thuig mé cad a bhí daoine eile ag rá liom. Chomh maith leis sin, tá a fhios agam nach raibh mo chuid gramadaí foirfe. É sin ráite, mhothaigh mé go raibh mé líofa. Bhí mé in ann Gaeilge a labhairt gan stró.
Bhí sé mar a bhí nuair a bhí mé i mo pháiste agus mé ag rothaíocht don chéad uair. Ba chuma liom cad a cheap duine ar bith fúmsa. Ba chuma liom cé chomh gasta is a bhí mé in ann dul. Ba chuma liom nach raibh a fhios agam conas na coscáin a úsáid go fóill… (Ach ag breathnú siar air, ba chóir dom a bheith buartha faoi sin.)
Bhí saoirse agam. Bhí mé in ann rothaigh gan stró tar éis tamaill fhada ag streachailt chun é a fhoghlaim.
Bhí an mothúchán sin orm arís an samhradh sin.
Bhí mé líofa. Bhí go leor le foghlaim agam go fóill, ach bhí Gaeilge líofa agam.
Is minic a bhfuil daoine den tuairim go bhfuil líofacht deireadh na foghlama.
Níl mo dhearcadh pearsanta féin chomh simplí le sin, mar a dúirt mé cheana. Chuir sé sceitimíní ormsa níos mó Gaeilge a fhoghlaim mar bhí mé in ann Gaeilge a fhoghlaim ar bhealach nua. Ní raibh orm a bheith sáite i dtéacs leabhair agus ranganna amháin. Bhí mé ag caitheamh mo shaol trí Ghaeilge. Thum mé féin sa teanga, d’fhoghlaim mé níos mó stór focal, chuir mé snas ar mo chuid Gaeilge, agus thosaigh mé ag úsáid níos mó nathanna cainte.
An leibhéal ag a bhfuil mé anois.
Is féidir liom labhairt faoi beagnach achan rud gan stró. Deirim abairt nó dhó ar bhealach ait ó am go ham. Uaireanta ní bhíonn téarmaí teicniúla cosúil le ‘catalytic converter’ ar eolas agam. (Is tiontaire catalaíoch é, dála an scéil.) Tá daoine eile a bhfuil Gaeilge líofa acu in ann mé a thuiscint an chuid is mó den am.
An bhfuil Gaeilge líofa agam? Tá. Ach ní hé líofacht i dteanga ar bith an deireadh an aistir foghlama. Déanaim botúin go fóill. Tá mé fós ag foghlaim. É sin ráite, tá mé ar mo chompord ag labhairt as Gaeilge. Déanaim botúin agus foghlaimím astu. Sin mar a bhí mé in ann líofacht a bhaint amach. Ní deireadh í an líofacht. Is comhartha í mianach agus díograis le foghlaim. D’fhoghlaim mé go leor faoi theangacha a fhoghlaim mar gheall ar na ceachtanna seo, ach d’fhoghlaim mé níos mó faoin saol. Tá dearcadh éagsúil agam ar bhotúin anois i gcomparáid leis an dearcadh a bhí agam sular thosaigh mé. Ní féidir linn gach rud a dhéanamh ceart gan an deis chun botúin a dhéanamh agus foghlaim uaidh sin.
Cad é do dhearcadh féin ar an líofacht?
Roinn an t-alt seo le héinne a mbeadh suim acu san ábhar seo. Brú an cnaipe 'like' más rud é gur bhain tú sult as an alt seo. ❤️
⬇️ Leagan fuaime den phostáil seo, á léamh agam - Audio version of this post, read by me ⬇️
Níos mó Fhoghlaimeoir:
How I Found the Irish in my Heart
Conas a Fuair Mé an Gaeilge i Mo Chroí
Is aoibhinn liom an t-alt seo! Chabhraigh sé go mór le mo dhearcadh. Ba mhaith liom an taithí sin a fhail, a bheith compordach go leor ag labhairt Gaeilge. Ní tharlaíonn sé dom go minic, ach spreag an t-ált seo dom. Go raibh míle maith agat!
I actually understood a good chunk of this before reading the English translation!! Learning a language is a journey, one that I'm keen to continue with Irish after my leaving cert.