This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Foilsíodh chéad leabhar Molly Nic Céile i mí Mheán Fómhair, Gaeilge i Mo Chroí - Irish In My Heart: Your Guide to Loving and Living the Irish Language. Roinneann an leabhar an teideal céanna le cainéal YouTube agus cuntas Instagram Molly. Cuidíonn an leabhar le léitheoirí an Ghaeilge ina gcroíthe féin a aimsiú, seachas díriú ar na deacrachtaí a bhaineann leis an teanga.
Nuair a dúirt Molly liom go mbeadh leabhar scríofa aici, bhí a fhios agam go mbeadh orm a bheith in Éirinn ar an lá a foilsíodh é. Agus bhí mé. Bhí mé i siopa leabhair i mBéal Feirste agus bhí ceann de na chéad chóip den leabhar i mo lámh. Bhí deora ar mo leicne nuair a léigh mé an tiomnú a bhí ann.
Tiomnú domsa.
Léigh mé mo chóip de Gaeilge i Mo Chroí ar an tsaoire sin. Mar gheall ar an leabhar sin, thosaigh mé ag déanamh machnamh ar an nGaeilge i mo chroí féin agus na daoine a chuir sí ann.
Chaith mé go leor ama le m’aintíní Mary agus Peggy nuair a bhí mé óg. Ba dheirfiúracha iad agus bhí siad ina gcónaí le chéile an chuid is mó dá saol. Bhí a dteach lán le stair ár muintire. Bhí daighsíní ar bheagnach achan dromchla cothrom - cuimhneacháin ó thréimhsí éagsúla a saol. Bronntanais, táirgí ó iarr-phoist, earraí ó shaoire thar lár, agus go minic, rud éigin ón Éirinn. Ba iad staraithe ár muintire. Ba mhinic a bhí Aintín Peggy ag déanamh tae sa tráthnóna agus a chuir Aintín Mary síos a leabhar agus thosaigh sí ag insint scéalta domsa faoi “Mommy”, mo sheanmháthair Éireannach a fuair bás sular rugadh mé.
Ba chuma ar Aintín Mary go ndeachaigh sí agus a deirfiúr ar ais chuig na seanlaethanta nuair a d’inis sí dom na scéalta seo faoi Éirinn agus ár muintir. Bhí siad fós ag ól tae le hAintín Alice nó bhí siad ina gcailíní óga ag lorg faoi chúisíní suíocháin do bhoinn a thit as pócaí a n-aithreacha. Thug siad deis dom bualadh le daoine a bhfuair bás blianta sular rugadh mé agus tabhair cuairt ar áiteanna nach raibh fós ann.
Bhí na daoine seo fós beo ina gcuimhne. Mhothaigh mé go raibh a fhios agam faoi shaol na hÉireann mar gheall orthu.
Bhí an deis agam dul go hÉirinn don chéad uair blianta i ndiaidh a mbáis agus ní raibh mearbhall nó suaitheadh cultúir orm. Bhí aithne agam ar an tír nua seo mar gheall ar na scéalta a roinn m'aintíní liom blianta roimhe sin i dteach suite na mílte míle ar shiúl.
Is annamh a bhíonn Meiriceánach in ann a rá, "D’ól mé tae in iarr-theach mo sheanmháthair i gcontae an Cabhán." D’ól mé. “Ó! Tá na Yankees abhaile!” Sin an chéad rud a chuala mé nuair a shiúil mé isteach sa sheomra suí. Is dócha nach maith le cuid mhór Meiriceánaigh an focal Yankee, ach mhothaigh mé nach raibh siad ach ag aithint ciorruithe na hinimirce. Bhí aithne ag mo mhuintir i Meiriceá agus in Éirinn go raibh muidne scartha óna chéile. Ní raibh aithne dhíreach againn ar na daoine sa tír eile, ach bhí a fhios againn go raibh muid ceangailte ar bhealach.
Baile. Cuireann sé gliondar ar mo chroí nuair a déireann mo mhuintir in Éirinn go bhfuil mé ‘ag teacht abhaile’ nuair atá mé ag tabhairt cuairte ar Éirinn. Is dócha nach smaoiníonn siad mórán faoin bhfrása sin, ach mothaím go dtuigeann siad an nasc atá agam le hÉirinn nuair a chloisim an frása sin.
Ní raibh mé riamh i mo chónaí in Éirinn, ach mothaím go bhfuil mé abhaile nuair atá mé ann.
Bhí mo mhuintir sa dá thír buartha nach mbeimis i dteagmháil tar éis na himirce. Rinne siad a ndícheall a bheith cinnte nach dtarlódh sin. Buíochas le Mary, Peggy, Alice, Ronan, agus go leor daoine eile, tá muid fós i dteagmháil lena chéile. Mar gheall ar sin, mothaím go bhfuil mé ag dul abhaile nuair atá mé ag tabhairt cuairte ar Éirinn.
D’oscail mé mo chroí do chultúr, do dhaoine agus do theanga na hÉireann mar thoradh ar an iarracht déanta ag mo mhuintir a bheith i dteagmháil thar na blianta fada.
Thosaigh cailín nua ag freastal ar an mheánscoil chéanna liom - Ciara ab ainm di. Shíl Meiriceánaigh go mbeadh sé a fhuaimniú cosúil le Siera agus mar thoradh ar sin, mhúin Ciara ceacht tosaigh Gaeilge do dhaoine gach lá.
Thosaigh ár gcairdeas mar bhí suim againn sna rudaí céanna ach roimh i bhfad bhí cairdeas domhain againn. Is duine an-chairdiúil í Ciara agus tá sí in ann suaimhneas a chuir ar dhaoine. Níl mórán daoine, go háirithe déagóirí, in ann é sin a dhéanamh. Ba rud mór an ghné sin domsa ag an am. Chuidigh sí go mór liom sna blianta amscaí idir óige agus aosacht.
Mhothaigh an bheirt againn an ceangal céanna idir muid féin agus Éire. Thosaigh muid ag déanamh taighde ar an teanga le chéile. Ní raibh muid in ann mórán a rá ach d'úsáid muid Google Translate chun nótaí a scríobh. Cé nach raibh ach cúpla focal againn, bhí an teanga bheo i mo shaol don chead uair mar gheall ar Chiara.
Blianta ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag foghlaim níos mó ná an cúpla focal agus frásaí a bhí agam ó Google. Thosaigh mé ag freastal ar ranganna le Caoimhe Nic Giollarnáith agus is í mo mhúinteoir go fóill. Gan í, bheadh an scéal seo críochnaithe cheana agus ní bheadh Gaeilge agam nó na taithí a bhí agam mar gheall ar an teanga. Spreag Caoimhe liom mo chuid Gaeilge a cleachtadh níos minice. Tháinig mé ar fhógra ar líne go mbeadh YouTuber trí mheán na Gaeilge ag tosú grúpa ar Patreon agus bheadh deis ag na pátrúin ciorcal comhrá a fhreastal. Foirfe!
Chláraigh mé agus logáil mé isteach ar Zoom. Ní raibh a fhios agam ag an am ach bheadh saol chomh héagsúil agam mar gheall ar an gcinneadh simplí sin. Ba í Molly Nic Céile ó chainéil YouTube Gaeilge i Mo Chroí óstach an ghrúpa. Chuidigh an grúpa liom mo chúpla focal a úsáid agus bualadh le foghlaimeoirí eile. Bhí sé fáilteach agus cairdiúil agus bhí mé in ann níos mó muiníne a fháil sa teanga mar gheall ar an ngrúpa tacaíochta.
De réir a chéile, thosaigh mé agus Molly ag labhairt níos minice. Dúirt sí go mbeadh sí ar saoire i Nua Eabhrac dá mbeinn ag iarraidh bualadh le chéile.
Bhí sceitimíní orm, ach bhí imní orm chomh maith.Ní raibh mé ag caint i nGaeilge seachas ar Zoom go dtí an lá sin. Anuas ar sin, bhí imní shóisialta orm go ginearálta, fiú as Béarla. É sin ráite, chuir Molly mé ar mo chompord tar éis cúpla nóiméad agus chaith muid uaireanta ag labhairt. Ní shílim go raibh a fhios againn ag an am cé chomh tábhachtach agus a bheimis dá chéile.
Bhí tréimhsí deacra ár saolta ag an mbeirt againn sna blianta beaga anuas, ach tháinig muid slán as achan rud mar gheall ar ár gcairdeas. Bhí áthas an Domhain orm nuair a léigh mé Gaeilge i Mo Chroí mar thuig mé go raibh na ceachtanna is mó a mhúin Molly dom ar fáil do chách a fhoghlaim sa leabhar. Chuidigh sí liom a bheith bródúil as mo chuid Gaeilge. Chuidigh sí liom dul i ngleic leis an náire agus an imní a mhothaínn cuid mhór dúinn nuair a bhíonn muid ag labhairt as teanga nua. Anuas ar sin, mhuin sí dom nach bhfuil na ceachtanna seo faoi theangacha amháin. Mar gheall ar mo chairdeas le Molly, d’éirigh mé níos muiníní mar dhuine, tháinig mé slán as tréimhsí deacra i mo shaol, agus d’fhás mé mar dhuine agus mar chara mar thoradh ar an ngrá agus tacú a thug sí dom. Ar ndóigh, cheartaigh sí mo chuid Gaeilge chomh maith.
Chuir na daoine seo ar fad Gaeilge i mo chroí. Ní bheadh suim agam sa Ghaeilge gan na scéalta ó mo mhuintir i Meiriceá agus ‘sa bhaile’ in Éirinn. Tá sé scanrúil teanga nua a fhoghlaim. Caithfidh tú go leor botún a dhéanamh. Caithfidh tú a bheith míchompordach. Caithfidh tú creidiúint ionat féin. Mhuin Ciara agus Molly dom go bhfuil grá agus áthas tuilte agam, fiú mura bhfuil mé foirfe. Mhuin Caoimhe dom go bhfuil mé in ann rud ar bith a dhéanamh má oibrím go crua. Mothaím an grá sin ar fad nuair a labhraím Gaeilge. Mothaím Gaeilge i mo chroí nuair a labhraím í.
Cé a chuir Gaeilge i do chroí ? Ba bhreá liom do scéalta a chloisteáil!
⬇️ Leagan fuaime den phostáil seo, á léamh agam - Audio version of this post, read by me ⬇️
Níos mó ó Fhoghlaimeoir:
Does Fluency Matter?
An Bhfuil Tábhacht ag Líofacht?
GRMA Briana, Is maith liom nuair tú cur your article in Irish agus I can read it and hear the audio
Oh how I wish I could speak and understand the language that is somewhere in our hearts and spirits from our ancestors! I so admire how fluent you’ve become and I thoroughly enjoyed reading your well-told story in English. Hope I pick up a few words.