This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Deirtear gurb iad botúin an múinteoir is fearr. Is annamh a phléitear an tábhacht a bhaineann le conas a fhoghlaimímid ó na botúin seo. Is féidir linn foghlaim ó bhotúin… más mian linn. Ar an drochuair, cuireann botúin náire ar chuid mhór dúinn. Tá sé deacair foghlaim ónár gcuid botún nuair a chuireann siad náire orainn.
Bhí sé doiligh domsa botúin a ghlacadh mo shaol ar fad.
Mothaím brú a bheith cinnte go bhfuil mé ag déanamh gach rud i gceart. Ar feadh tamaill fhada i mo shaol, chuaigh an náire chuig an smior nuair a rinne mé botún.
Níor fhreagair mé ceisteanna dá mbeadh seans go mbeinn mícheart. Bheinn i mo thost, lán le himní ach ní raibh botún déanta agam ar a laghad. B’fhearr liom dá mbeadh cuma orm nach mbeadh a fhios agam in ionad botún a dhéanamh. Is cuimhin liom go raibh mé ag freastal ar rang Gaeilge. Chuir an múinteoir ceist orainn faoi stór focail a phléigh muid an rang roimhe sin. Rinne mé dianstaidéar an tseachtain ar fad. Bhí na focail seo ar eolas agam. Thit ciúnas ar an seomra ranga. Ní raibh mé in ann mo bhéal a oscailt. Cad dá mbeinn mícheart?
Anois a bhfuil mé ag déanamh machnamh ar sin, tá a fhios agam ba chóir dom an freagra a rá. Chuirfeadh sé muinín orm go raibh an ceart agam agus bheinn níos cróga an chéad uair eile a chuireadh ceist orm. Anuas ar sin, bheadh a fhios ag mo mhúinteoir go raibh muidne ag tuiscint a ceachtanna.
Tar éis tamaill, rinne mé níos lú botún agus d’éirigh sé níos éasca domsa déileáil le mo chuid mothúchán nuair a rinne mé botún.
Thug mé faoi deara nach raibh mé buartha faoi bhotúin a dhéanamh maidir le teangacha amháin. Bhí imní orm go ndéanfainn ‘botún’ i mo chaidreamh le daoine eile chomh maith. Bhí imní an domhain orm go ndéanfainn rud éigin mícheart.
Smaoinigh mé go mbeinn níos fearr mar dhuine agus go mbeadh daoine níos sásta a bheith mo chara mura ndéanfainn botún ar bith riamh. Tuigim anois go raibh é sin an botún is mó a rinne mé.
Chuidigh cara mór liom mé féin a chneasú. D’athraigh mo dhearcadh ar bhotún de réir a chéile. Ar feadh na mblianta, cheap mé go raibh locht ormsa nuair a bhí fadhb i gceist. Cheap mé go raibh mé ‘mícheart’ am ar bith go raibh tuairimí éagsúla agam ná ag daoine eile in éineacht liom. Ní raibh mé grámhar liom féin. Níor thuig mé go raibh locht ar dhaoine eile uaireanta agus uaireanta eile, ní raibh locht ar dhuine ar bith. Roimhe sin, chruthaigh mé go leor rialacha dom féin. Mar gheal ar sin, bhí sé dodhéanta domsa gan a bheith ag déanamh botúin an t-am ar fad. Ní raibh mé ag foghlaim ó bhotúin. Ba é sin rud éigin le seachaint.
Thaispeáin mo chara liom nach gcaillfinn grá mura mbeinn foirfe. Chuir sé eagla orm gan a bheith dírithe ar fhoirfeacht ar dtús. Céim ar chéim, taispeánadh mé go raibh sé ceart go leor mura raibh mé foirfe agus thuig mé go raibh deis agam feabhas a dhéanamh dá mbeinn in ann foghlaim ó mo chuid botúin.
D’athraigh mo dhearcadh ar bhotúin maidir le teangacha chomh maith. Bhí mé i mo ghlanthosaitheoir as Polainnis ag an bpointe seo. Tar éis blianta ag labhairt Gaeilge gan stró, bhí mé ar ais a bheith éiginnte faoi gach focal i dteanga nua domsa.
É sin ráite, ní raibh náire orm. Conas go mbeinn ceart gan deis a fhoghlaim?
Thug mé faoi deara go raibh mé ag déanamh rud éigin nua i mo ranganna Polainnise. Bhí mé ag déanamh botúin go muiníneach. D’úsáid mé focail gan a bheith cinnte go raibh siad na focail chearta. Thuig mé go raibh deis fhoghlama ann. Bhí seans go raibh siad na focail chearta agus bheadh muinín agam as mo chuid Polainnise, nó inseoidh mo mhúinteoir na focail chearta domsa.
Rinne mé é sin go nádúrtha. Ní dhearna mé cinneadh é sin a dhéanamh. Bhí dearcadh nua agam agus d’athraigh é sin an bealach gur fhoghlaim mé.
Uaireanta eile, tá sé níos spraíúla a bheith mícheart ar aon nós. Mar thimpiste, dúirt mé as Polainnis go raibh mé ag dul go cóisir bhreithlá mo chistin. (Bhí mé ag iarraidh col ceathrair a rá in áit cistin.) Agus uair amháin eile d'fhuaimnigh mé nuacht mar nocht as Gaeilge trí thimpiste... Bhí na rudaí seo chomh greannmhar ba chuma liom go raibh botúin i gceist.
Nuair a thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge, bhí a fhios agam go mbeadh m’intinn ag obair ar bhealach nua mar gheall ar sin. Bheinn ag smaoineamh i dteanga nua. Ní raibh mé ag súil ag an am go n-athróinn an bealach a bhfuil mé ag smaoineamh faoin saol chomh maith leis sin.
An t-aon bhotún amháin: gan a bheith ag iarraidh foghlaim ónár gcuid botúin.
Má bhaineann tú taitneamh as mo chuid oibre agus gur mhaith leat tacú liom, roinn an t-alt seo le daoine eile a d'fhéadfadh sult a bhaint as!
⬇️ Leagan fuaime den phostáil seo, á léamh agam - Audio version of this post, read by me ⬇️
Níos mó ó Fhoghlaimeoir:
I've Been a Beginner for Two Years
Bíonn Gach Tosú Lag
In Spanish, I kept saying that my meal was very well when staying with a friend and her family who only spoke Spanish until I was told how to say it was very good.
In Italian, I said that my granda has cabbages (I meant to say horses) in the St.Patricks day parade and that my dog likes when I throw the shovel (I meant ball).
I still laugh about them to this day. I kind of like making mistakes because then you have these funny memories 😂 so long as your corrector is kind! And if they’re not, that’s not your problem 😊