This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Thosaigh mé ag foghlaim Polainnise dhá bhliain ó shin agus is tosaitheoir mé go fóill.
Is féidir liom labhairt fúm féin agus faoi chúrsaí laethúla, ach déanaim go leor botún agus níl m’fhuaimniú foirfe ar chor ar bith.
Chun an fhírinne a rá, shíl mé go mbeadh mo chuid Polainnise níos fearr ag an bpointe seo. Tá mé den tuairim nach bhfuil aon chúis gur chóir go mbeadh náire ar dhuine ar bith faoina gcuid scileanna teanga. É sin ráite, bhí náire orm féin faoi mo chuid Polainnise in amantaí.
Cúpla uair, cheistigh mé an raibh an t-ádh orm nuair a d’fhoghlaim mé Gaeilge. Bhí amhras orm go mbeinn in ann teanga eile a fhoghlaim. Uaireanta eile, bhí náire orm nach raibh mo chuid Polainnise níos fearr ná mar a bhí sí. D’éirigh mé buartha go mbeadh frustrachas ar mo mhúinteoir Polainnise toisc go raibh uirthi na hábhair chéanna a mhúineadh dom arís is arís. Mhothaigh mé ciontach nach raibh níos mó rialacha gramadaí ar eolas agam.
D’fhoghlaim mé Gaeilge go réasúnta gasta. Ní toradh é sin ar m'intleacht ach an brú a chuir mé orm féin an teanga a fhoghlaim. Chaith mé mo chuid fuinnimh ar fad ar an Ghaeilge a fhoghlaim gach lá.
Bhí eagla orm go mbeadh sé fíor nach bhfuil daoine fásta in ann teangacha nua a fhoghlaim. Bhí ormsa taispeáint dom féin go raibh mé in ann í a fhoghlaim. Tar éis tamaill, bhuail mé le daoine fásta a raibh teangacha foghlamtha acu. Ansin, chreid mé go raibh daoine fásta in ann teangacha a fhoghlaim… ach an mbeinn féin in ann?
Ba chúis nua é le m'easpa muiníne. Thosaigh mé ag déanamh machnamh ar m’óige. Chuir an córas oideachais amhras orm faoi mo chumas foghlama mar pháiste a raibh míchumas foghlama air. Bhí an t-amhras sin ar ais ar mo chroí. Rinne mé dianstaidéar gach lá. Chuir mé brú orm féin dul chun cinn a dhéanamh go gasta. Níor mhothaigh mé go raibh an dara rogha agam ach na rudaí seo a dhéanamh ag an am. Bhí ormsa taispeáint dom féin go raibh mé cumasach.
Tháinig athrú ar mo dhearcadh faoin am gur thosaigh mé ag foghlaim Polainnise. Bhí níos mó muiníne agam. Chreid mé go bhfuil mé in ann teangacha a fhoghlaim. Chreid mé go mbeinn in ann Polainnis a fhoghlaim chomh maith, cé go raibh amhras orm fós ó am go ham. B’fhéidir go mbeadh an dul chun cinn níos moille ná mar a bhí sa Ghaeilge, ach bheadh Polainnis líofa agam amach anseo.
Thar na blianta, d’fhoghlaim mé roinnt Polainnise, agus d’fhoghlaim mé conas a bheith níos cineálta liom féin tríd an bpróiseas sin.
Tuigim nach bhfuil an locht ormsa go bhfuil mé fós i mo thosaitheoir. Níor chaith mé go leor ama ag foghlaim Polainnise go dtí seo agus sin é. Uaireanta, ní raibh an t-am agam í a fhoghlaim. Uaireanta eile, ní raibh an fuinneamh agam.
Tá bonnleibhéal Polainnise agam mar níor fhoghlaim mé ach ábhair bonnleibhéal.
Caithfidh muid a bheith ionraic linn féin faoin méid ama a chaitheann muid ag foghlaim teangacha. Tá sé éasca a rá ‘bhí mé ag foghlaim ar feadh na mblianta’ ach i ndáiríre, ní raibh muid ag foghlaim mórán gach lá. Uaireanta, bíonn sé deacair é sin a admháil. Caithfidh muid cuimhneamh gur chaith muid ár gcuid ama ar an mbealach ab fhearr ag an am sin. B’fhéidir go raibh sos de dhíth orainn agus tá sé sin ceart go leor.
Níl bealach áirithe chun teanga a fhoghlaim. Tá saol, fuinneamh, agus freagrachtaí éagsúla ag gach duine. Ní féidir liom Polainnis a fhoghlaim go díreach mar a d’fhoghlaim mé Gaeilge mar tá saol éagsúil agam anois.
Cé gur tosaitheoir mé go fóill, tá níos mó dul chun chinn á dhéanamh agam le déanaí. Níor thosaigh mé ag déanamh staidéir níos minice agus níl mé ag cúr brú orm féin. Tá feabhas ar mo chuid Polainnise toisc go raibh mé i mo thosaitheoir ar feadh dhá bhliain. Tá níos mó tairbhe bainte le staidéar a dhéanamh go seasta ar feadh tamaill fhada ná dianstaidéar a dhéanamh ar feadh cúpla lá. Cé nár chaith mé go leor ama ag déanamh staidéir gach lá, d’fhreastail mé ar rang gach seachtain agus rinne mé staidéar nuair a bhí an t-am agus an fuinneamh agam chun é a dhéanamh.
Bainfidh tú amach do chuid spriocanna má leanann tú ar aghaidh. Is cuma má ghlacann sé bliain amháin nó deich mbliana. Is féidir leat é a dhéanamh mura n-éiríonn tú as.
Má mhothaíonn tú cosúil liomsa, níl tú i d'aonar. 🤍
⬇️ Leagan fuaime den phostáil seo, á léamh agam - Audio version of this post, read by me ⬇️
Níos mó ó Fhoghlaimeoir:
There Is No Wiseman Without Fault
Ní Bhíonn Saoi Gan Locht
More ways to support my work:
You can join my paid community for as little as $5 for exclusive content like my complete guide to learning Irish, audio versions of Irish language posts, and more! Click here to upgrade!
Prefer to make a one time contribution? Click here to buy me a coffee!
Also, check out GaeilgeiMoChroi.com to get Irish language themed mugs, sweaters, journals and more that I helped create!