This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Chaith mé seachtain i nGaeltacht Ghleann Fhinne i nDún na nGall. Bhí mé ag freastal ar chúrsa le hOideas Gael ag an am. Is baile an-chiúin é Gleann Fhinne. Tá níos lú na 500 duine ina gcónaí ann agus ar feadh coicíse i rith an tsamhraidh, bíonn dornán foghlaimeoirí fásta ann chomh maith .
Bhí mé ag fanacht le teaghlach áitiúil agus shiúil mé ón teach go dtí an scoil gach maidin agus ar ais gach tráthnóna. Ba shiúlóid réasúnta fada é, ach bhí na radhairc go hálainn.
Lá amháin, thosaigh mise agus beirt daltaí eile ag siúl go dtí an scoil. Ní raibh mórán Gaeilge ag an mbeirt eile in éineacht liom mar thosaigh siad ag foghlaim Gaeilge an samhradh sin. Níor shiúil muid ach cúpla coiscéim síos an bhóthair nuair a stop carr in aice linn.
D’ísligh sí fuinneog an chairr agus dúirt sí “Ar mhaith libh síob?”
Dúirt mé “Cinnte! Go raibh maith agat.” Agus thosaigh mé i dtreo an chairr. Rinne mé glan dearmad nach raibh mo phiaraí in ann an tiománaí a thuiscint. Chas mé ina dtreo agus dúirt mé “We’re getting in this car.” B'fhéidir gur cheart dom an scéal a mhíniú… ach lean siad mé!
Nuair a bhí mé ag fás aníos chuala mé go leor scéalta faoi ‘stranger danger’ agus d’inis múinteoirí agus mo thuismitheoirí dom ‘ná téigh i gcarr strainséara”, ach ní raibh Gaeilgeoir taobh thiar den roth sna scéalta sin! Tá mé ag magadh, ach ar bhealach, tá mé dáiríre.
Anuas air sin, bheadh sé deacair triúir foghlaimeoirí fásta Gaeilge a dhúnmharú i lár an lae.
Bhí a fhios agam go raibh an cultúr i mbaile beag Éireannach go hiomlán éagsúil leis an gcultúr i mo bhaile beag féin, cathair Nua-Eabhrac. É sin ráite, níl mé cinnte go nglacfainn le síob dá mbeadh an tiománaí ag labhairt as Béarla. Nó bheadh níos mó imní orm ar a laghad.
So cén fáth ar ghlac mé léis as Gaeilge? Chun an fhírinne a rá, bhí mé chomh sásta mo chuid Gaeilge a úsáid go ndéanfainn beagnach rud ar bith. Anuas air sin, níor mhothaigh mé gur strainséirí muid. Ba Ghaeilgeoirí muid. Bhí muid inár mbaill den phobal céanna, fiú dá mba as tíortha éagsúla muid.
Rinne mé cinneadh nuair a chuaigh mé go hÉirinn an samhradh sin a bheith oscailte do gach taithí a bheadh ann, fiú ag cur muinín i strainséirí. Níl sé éasca nó compordach domsa fanacht le teaghlach nach raibh aithne ar bith agam air ná seachtain a chaitheamh ag labhairt teanga fós nua domsa gan aithne ar dhuine ar bith eile. Bhí a fhios agam go bhfásfainn mar gheall ar an seachtain sin agus bhí an ceart agam.
Ar aon nós, thug siad síob dúinn agus dúirt an tiománaí liom go bhfaca sí muid ag siúl gach lá agus bhí a fhios aici go raibh muid ag freastal ar an gcúrsa Gaeilge.
Bhí comhrá deas againn agus ní raibh ormsa siúl in aghaidh an chnoic. Agus níor dúnmharaíodh duine ar bith ach an oiread.
Ar tharla aon rud cosúil leis seo duit? ‘Subscribe’ dá gcuirfeá isteach i gcarr le strainséirí chun do chuid Gaeilge a chleachtadh. 😉
⬇️ Leagan fuaime den phostáil seo, á léamh agam - Audio version of this post, read by me ⬇️
Níos mó ó Fhoghlaimeoir:
Embrace the Unfamiliar
An Rud is Annamh is Iontach