This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Uaireanta, míním frásaí nó focail i dteanga a bhfuil mé ag foghlaim do dhaoine agus ní thuigeann siad.
“Tá sé sin chomh casta.”
“Nach gcuireann é sin mearbhall Ort?”
“Níl ciall ar bith bainte leis sin.”
An chuid is mó den am, níl fadhb acu leis an teanga. Ní thuigeann siad na difríochtaí idir í agus na teangacha a bhfuil ar eolas acu.
É sin ráite, thug mé faoi deara rud éigin suimiúil nuair a thosaigh mé ag roinnt frásaí Gaeilge ar Substack.
Scríobh mé Note (cosúil le Tweet ar Twitter, ach anseo ar Substack.) D’fhoilsigh mé é cúpla mí ó shin agus tá daoine fós é a roinnt agus teachtaireachtaí a chur air.
Ar dtús, thuig mé cén fáth a raibh sé suimiúil do dhaoine. Mar is eol dúinn sa phobal Gaeilge, is coincheap deas é agus úsáidtear go minic chun áilleacht na Gaeilge a chur in iúl.
É sin ráite, bhí mé fiosrach cén fáth nach raibh daoine ag gearán faoi cé chomh héagsúil is a bhí sé i comparáid leis an bhfrása céanna i mBéarla. Thuig mé go bhfuil sé mar gheall ar na mothúcháin atá i gceist. Tuigeann achan duine mothúcháin. Cuireann muid luach ar mhothúcháin.
Is fiú é an luach an iarracht.
Is minic a bhfuil eagla orainn nuair atá muid ag foghlaim faoi theanga go hiomlán éagsúil ná ár dteanga féin. Tá focail agus gramadach nua i gceist, agus anuas ar sin, tá loighic éagsúil i gceist chomh maith. Athraíonn teangacha ár ndearcadh ar an saol. Is féidir linn dul i ngleic leis na deacrachtaí nuair atá a fhios againn go bhfuil luach i gceist. Ba mhaith linn na difríochtaí seo a thuiscint toisc go bhfuil siad saibhir. Tá muid ag iarraidh foghlaim. Tá muid sásta obair a dhéanamh chun an dearcadh seo a thuiscint.
Tá sé éasca neamhaird a dhéanamh ar rudaí nach dtuigeann muid, ach tá muid spreagtha iad a fhoghlaim más féidir linn an luach a fheiceáil iontu.
Má bhain tú sult as an alt seo, subscribe le haghaidh tuilleadh machnaimh ar theanga, ar fhoghlaim, agus mo dhearcadh ar an domhain.
⬇️ Leagan fuaime den phostáil seo, á léamh agam - Audio version of this post, read by me ⬇️
Níos Mó ó Fhoghlaimeoir:
Five Years Learning
Cúig Bliana Ag Fás
Thank you for another interesting post. I've been working at learning to read and speak Irish for a few years now. I brought up your post in Irish and also the English version and toggled back and forth as I read. It's helping me to really accelerate my learning. Go raibh maith agat!
Meon eile 😊💚