This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Fiche Bliain Cúig Bliana Ag Fás
Cúig bliana ó shin, d’fhreastail mé ar mo chéad rang Gaeilge. Ba rún é ar dtús. Ní raibh a fhios ag duine ar bith cá raibh mé ar an oíche sin. Bhí náire orm go gceapfadh daoine gurbh amadán mé dá mbeadh a fhios acu.
Mise? In ann teanga a fhoghlaim? Is fánach an seans!
Ach bhí mé ann.
Bhí mé i seomra ranga ag fanacht le mo chéad rang Gaeilge a thosú.
Cé go raibh amhras orm faoi mo chumas, bhí mé ann.
Bhí mé ann ag éisteacht leis an nguth íseal i gcúl mo chinn ag insint dom go raibh seans go mbeinn in ann í a fhoghlaim.
Is minic nach bhfuil muid in ann ár ndícheall a dhéanamh mar mothaíonn muid nach bhfuil muid in ann rud éigin a dhéanamh, is cuma cé chomh crua a oibrímid. Cé go raibh easpa muiníne agam faoi mo chuid scileanna foghlama ag an am, rinne mé cinneadh.
Thabharfainn neamhaird ar an amhras ar feadh an chúrsa. D'fhreastalóinn ar gach rang. Dhéanfainn staidéar gach lá i rith an chúrsa.
Tar éis an chúrsa, bheadh a fhios agam dá mbeinn in ann teanga a fhoghlaim nó mura mbeinn.
Bhí an cúrsa ar siúl ar feadh ocht seachtaine, ach tar éis seacht seachtaine, chuaigh cathair Nua-Eabhrac faoi dhianghlasáil mar gheall ar COVID-19.
Am éiginnte a bhí ann, ach bhí mé cinnte faoi rud amháin:
Leanfainn ar aghaidh ag foghlaim na Gaeilge.
D’oibrigh mé i dtionscal na hamharclannaíochta ag an am. Ní raibh cead ag amharclanna Broadway a bheith ar oscailt i rith an dianghlasála agus mar gheall air sin, ní raibh go leor oibre agam. Ar ndóigh, ní raibh saol sóisialta agam ach an oiread. Chaith mé gach uile nóiméad dírithe ar an nGaeilge.
Ag an am, dúirt go leor daoine gur chaill siad bliain dá saol. Cuireadh turais ar ceal, athraíodh pleananna, ach níor mhothaigh mise gur chaill mé rud ar bith. Fuair mé teanga as an tréimhse sin.
Faoin am a bhí mé ag dul ar ais chuig an oifig, bhí Gaeilge measartha líofa agam. Chaith mé breis is trí uair gach lá dírithe ar an teanga agus mé sáinnithe sa bhaile.
Tá mé buíoch go raibh an Ghaeilge i mo shaol i rith an ama sin. Thug sí dóchas dom ag am éadóchasach. Cé gur bhain mé an-sult as an teanga a fhoghlaim an lá ar fad, chuir sí strus orm chomh maith. I rith na chéad bliana, bhí mé amhrasach go mbeinn in ann an Ghaeilge a fhoghlaim. Bhí mé ag foghlaim, ach ní raibh mé in ann a thuiscint conas a bheinn in ann labhairt go héasca amach anseo nuair a bhí mé fós ag streachailt focail a chur le chéile.
Is dócha gur chaith mé níos mó ama buartha faoi chonas teanga a fhoghlaim ná ag foghlaim i ndáiríre. De réir a chéile, d’éirigh mé níos muiníní agus thuig mé go mbeinn in ann líofacht a bhaint amach faoi dheireadh.
Ba rud í an Ghaeilge a d’fhoghlaim mé ar feadh an chéad dá bhliain. D’fhreastail mé ar chúpla ciorcal comhrá ar líne agus bhí go leor ranganna agam ar Zoom, ach bhí sí fós ina chaitheamh aimsire dom.
Tháinig athrú air sin sa bhliain 2022. D’fhreastail mé ar imeachtaí agus mo chéad chúpla Pop-Up Gaeltacht. Bhí an deis agam labhairt le daoine san fhíorshaol den chéad uair agus thosaigh mé ag déanamh cairde tríd an teanga. Anuas air sin, chaith mé mo thríochadú breithlá sa Ghaeltacht ag freastal ar chúrsa le hOideas Gael.
Tar éis na bliana sin, níorbh ábhar a rinne mé staidéar uirthi an Ghaeilge. Níor chaitheamh aimsire í. Ba chuid mhór de mo shaol í.
Is trí Ghaeilge cuid mhór de mo shaol sóisialta. Thaistil mé timpeall na hÉireann agus timpeall mo thír féin mar gheall ar an teanga. Oibrím trí mheán na Gaeilge. Scríobhaim as Gaeilge. Mothaím as Gaeilge. Bhain mé muinín as an teanga. Bhain mé cairde as an teanga. Bhain mé dóchas as an teanga.
Is i nGaeilge a tharla na cuimhní is gile atá agam.
Rinne mé cinneadh amháin agus d’athraigh sé mo shaol ar fad.
Níl mo chuid Gaeilge foirfe, ach ní mhothaím brú staidéar a dhéanamh go dian chun é sin a athrú chomh gasta agus is féidir liom. D’fhoghlaim mé Gaeilge. Agus chomh maith leis sin, d’fhoghlaim mé nach bhfuil an saol faoin fhoirfeacht. Tá sé faoin áthas. Agus cuireann Gaeilge agus na bealaí gur athraigh sí mo shaol áthas mór orm.
Go raibh míle maith agaibh. Tá mé chomh buíoch go bhfuil mé in ann machnamh a dhéanamh ar mo thuras agus mo chuid smaointe a roinnt libh. Tá mé ag súil leis an am amach anseo! ✨
⬇️ Leagan fuaime den phostáil seo, á léamh agam - Audio version of this post, read by me ⬇️
Níos mó ó Fhoghlaimeoir:
Mistakes Are Our Greatest Teachers
Ag Foghlaim ónár gCuid Botún