This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Bhí grá agam do hÉirinn mo shaol ar fad. Thaitin na daoine, an tírdhreach, agus an cultúr go mór liom. Athraíodh mo dhearcadh ar an tír nuair a thug mé cuairt uirthi mar Ghaeilgeoir.
Ní raibh Gaeilge ar bith agam nuair a bhí mé in Éirinn don chéad uair, ach tharraing gach rian den teanga m’aird. Is annamh a thugann eachtrannaigh an teanga faoi deara, ach bhí a fhios agam go raibh an teanga ann. Bhí daoine ag caint lena chéile i dteanga rúnda. Bhí Éire eile ann ina raibh an teanga in úsáid. Mhúscail an taithí sin mo shuim sa Ghaeilge.
Bhí Gaeilge chomhráiteach agam nuair a tháinig mé ar ais an chéad uair eile agus fuair mé spléachadh ceart ar an tír eile don chéad uair.
An áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfas do chosa thú.
Thug mo chosa mé chuig an áit a raibh mo chroí.
Thóg Gaeilge léarscáil dom le dul ann.
Bhí deis agam dul go háiteanna áille nach bhfuil mórán daoine in ann cuairt a thabhairt orthu.
Thug strainséir síob dom agus mhúin siad dom faoi chineáltas.
Rince mé le strainséirí agus chan mé os ard.
Chaoin mé i siopa leabhar i mBéal Feirste toisc gur thuig mé cairdeas agus grá.
D’éist mé le glór na dtonn ar trá shuaimhneach.
Bhuail mé le strainséirí agus chaith siad liom cosúil le seanchara a bhí acu le blianta.
Fuair mé tacaíocht agus d’éirigh mé níos láidre.
Tharla na rudaí seo mar gheall ar an teanga.
An áit a bhfuil mo chroí is ann a thugann an Ghaeilge mé. Ach bhí mé in ann an grá sin a thabhairt abhaile liom. Tá an draíocht fós ann i dtithe tábhairne i Nua-Eabhrac nuair atá Pop Up Gaeltachtaí ar siúil agus oícheanta ciúin nuair nach labhraítear ach cúpla focal ach iad go léir i nGaeilge.
Léan mé an teanga chuig an áit a bhfuil mo chroí.
⬇️ Leagan fuaime den phostáil seo, á léamh agam - Audio version of this post, read by me ⬇️
Start or continue your own Irish language journey
Paid subscribers get exclusive access to my Irish Language Learning Guide where I share all of the tips, tricks, methods and techniques I’ve used to learn Irish from a complete beginner to an advanced level.
Le teacht ó Fhoghlaimeoir:
Dé Céadaoin: Irish Prayers at an American Funeral
Dé Sathairn: Paidreacha Gaelacha ag Sochraid Meiriceánach
Click here to shop for Irish language themed t-shirts, mugs, and more!
Click here to support my work with a one-time donation.