This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Tá meon eile agam i leith botún anois ná mar a bhí agam nuair a thosaigh mé ag foghlaim teangacha. Fós féin, cuireann botúin mothúcháin éagsúla orm ag brath ar an teanga atá in úsáid agam.
Thug mé faoi deara gur scríobh mé “vocabularly” agus “vocbaulary” i mBéarla. Bhain na botúin seo gáire asam. Níor cheap mé go raibh drochBhéarla agam de bharr sin nó gurbh amadán mé.
Thuig mé go raibh botún cló i gceist agus sin é.
Rinne mé na botúin cló seo ar chúis mhaith. Ní bhím ag smaoineamh faoi na sonraí beaga cosúil le litriú agus poncaíocht nuair a bhím ag scríobh. Bím ag cur mo mhothúcháin agus smaointe i bhfocail. Is cuma liom faoi na botúin bheaga seo mar is féidir liom iad a cheartú ag an deireadh.
Má dhéanaim botúin i nGaeilge, bíonn náire agus brón orm áfach.
Ba chóir dom a bheith níos tuisceanaí liom féin nuair a dhéanaim botúin i nGaeilge mar is foghlaimeoir mé. Tá mé ag foghlaim Gaeilge le cúig bliana anois. Ní achar fada ama é sin. Ar ndóigh tá mé fós ag déanamh botúin! Tógadh mé le Béarla agus fós déanaim botúin agus ní mhothaím náire ar bith orm. Ní ghabhaim leithscéal as ucht na mbotúin sin.
Is féidir liom gáire faoi mo chuid botúin i mBéarla mar tuigim gur bhotúin amaideacha atá i gceist agus nach amadán mé féin. Tá a fhios agam conas vocabullary a litriú. (Gotcha!) Tuigim an difríocht idir “I write” agus “turn right.” Uaireanta, déanaim na botúin seo, ach tá a fhios agam nach ndéanaim na botúin seo mar gheall ar easpa eolais. Tá mé i mo Bhéarlóir le dhá bhliain is tríocha anois. Níl amhras ar bith orm go bhfuil Béarla líofa agam.
D’fhoghlaim mé mo chéad chúpla focal Gaeilge cúig bliana ó shin. Dar ndóigh, níl gach rud ar eolas agam! Ar ndóigh go ndéanaim na botúin amaideacha chéanna a dhéanaim i mBéarla chomh maith leis na botúin a dhéanaim mar chainteoir nua!
Fós féin, uaireanta ceapaim gur cheart dom a bheith in ann Gaeilge a úsáid gan bhotúin ar bith a dhéanamh. Níl sé sin cothrom. Caithfidh mé a bheith níos cineálta liom féin.
Ní cuimhin liom nuair nach raibh Béarla agam. Níor mhothaigh mé gurbh fhoghlaimeoir Béarla mé riamh. Mar thoradh ar sin, níl mé buartha faoin ‘leibhéal Béarla’ atá agam. Uaireanta, foghlaimím focail nua i mBéarla. Chaith mé níos mó ná tríocha bliain gan iad a bheith ar eolas agam mar sin ní dóigh liom go raibh locht orm nach raibh siad ar eolas agam cheana.
É sin ráite, is cuimhin liom nuair nach raibh Gaeilge ar bith agam. Is cuimhin liom nuair a bhí mé buartha nach raibh mé ag déanamh céille. Is cuimhin liom nuair a rinne mé na botúin chéanna arís is arís agus mhothaigh mé ciontach nach raibh na freagraí cearta ar eolas agam.
Ní dóigh liom go bhfuil mé ag déanamh botún i mBéarla toisc nach bhfuil Béarla maith agam, ach mothaím go bhfuil mé ag déanamh botúin i nGaeilge toisc nach bhfuil Gaeilge mhaith agam.
Nuair a úsáidim focal mícheart i mBéarla… m'anam, tá tuirse orm. Nuair a úsáidim focal mícheart i nGaeilge… m'anam, ba chóir dom a bheith níos fearr ná sin.
Ní cheapaim gurb é cúrsaí líofachta sprioc, ach ar go leor bhealaí, chuir mé brú orm féin a bheith críochnaithe leis an bhfoghlaim nuair a bhí mé líofa. Cén fáth a rinne mé an botún sin? Cén fáth nach raibh an focal ar eolas agam?
Cén fáth ar cheart dom é sin a bheith ar eolas agam?
Ag pointe éigin, rinne mé dearmad go bhfuil mé fós ag foghlaim. Dar ndóigh, níl Gaeilge fhoirfe agam ag an bpointe seo. Ní chuireann botúin i mBéarla náire orm mar gheall ar chúrsaí féiniúlachta mar chainteoir dúchais. Anois, tá cinneadh déanta agam nach mbeidh náire orm nuair a dhéanaim botúin i nGaeilge toisc go dtuigim go bhfuil foghlaimeoir mé.
⬇️ Leagan fuaime den phostáil seo, á léamh agam - Audio version of this post, read by me ⬇️
Le teacht ó Fhoghlaimeoir:
Dé Céadaoin: Special Announcement 👀
Dé Sathairn: 👀 👀 👀 👀
More ways to support my work:
You can join my paid community for as little as $5 for exclusive content like my complete guide to learning Irish, audio versions of Irish language posts, and more! Click here to upgrade!
Prefer to make a one time contribution? Click here to buy me a coffee!
Also, check out GaeilgeiMoChroi.com to get Irish language themed mugs, sweaters, journals and more that I helped create!
i gcónaí ag foghlaim 💚