Fuair Mé Mo Ghuth as Teanga Nua
Conas a thosaigh mé ag foghlaim teangacha agus fúm féin.
This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Rugadh agus tógadh mé i dteach lán-Béarla i Meiriceá. Cosúil le go leor daoine eile, níor thosaigh scéal mo mhuintire i Meiriceá. Chuala mé scéalta ó Éirinn ón aois óg, nó ‘baile’ mar a dúirt mo mhuintir. Agus is minic gur thóg mé cuairt ar árasán mo sheanmháthair Pholannach. Níor mhothaigh sí fuar riamh. Mhothaigh sí ‘zimno’, an focal Polainnis a chiallaíonn fuar. Ní mhothaím nasc idir mé féin agus chultúir agus tíortha eile mar gheall ar thorthaí scrúdú DNA nó seanghrianghraif i mbosca faoi cheilt sa chófra. Mothaím an nasc sin mar gheall ar mo shaol anois.
Is minic a rinne mé machnamh i dtaobh an duine a d’fhéadfainn a bheith dá bhfásfainn aníos i dtír eile. Bhí sé sin ar intinn agam le blianta. ‘Is glas na cnoic i bhfad uainn.’ Bhí mé buartha nach dtuigfeadh daoine an chúis go raibh grá agam do thíortha agus do chultúir éagsúla níos mó ná mo chultúr féin mar Mheiriceánach.
Bhí suim agam riamh i dteangacha. Chuir sé mearbhall ormsa go raibh daoine in ann fuaimeanna nua aisteacha a chloisteáil agus ciall a bhaint astu. D’iarr mé ar mo sheanmháthair Polainnis a mhúineadh dom nuair a bhí mé óg. Mar gheall ar sin, mhúin sí na focail éagsúla a mbíonn in úsáid sa Pholainn nuair a bhíonn daoine ag caint faoi bhia dom, mar shampla tugtar jabłko ar úll. Thosaigh mé ag freastal ar ranganna Spáinnise ar scoil nuair a bhí mé sé bliana d’aois. Bhí mé ar bís a bheith i mo bhall den chlub rúnda daoine a bhfuil siad in ann teanga éagsúil ná Béarla a thuiscint. Ar an drochuair, chaill mé dóchas mar gheall ar na ranganna seo. Ní raibh muinín agam. Shíl mé nach mbeinn in ann teanga ar bith a fhoghlaim riamh.
Níorbh fhada go raibh mé sáinnithe i gcarn focal nua nár thuig mé. Madra, perro. Cat, gato. Doras, puerta. Fuinneog, ventana. Uimhreacha, dathanna, agus focail ag iarraidh spásanna a líonadh i m’intinn. Ach bhí m’intinn lán le Béarla cheana féin.
Bhí amhras orm. Conas a bheinn in ann teanga eile a fhoghlaim? Bhí éadóchas orm. Ní raibh tuairim dá laghad agam cad a bhí ag tarlú i rith mo ranganna faoin am a raibh mo mhúinteoir ag múineadh gramadaí agus na réimnithe dom. D’fhreastail mé ar na ranganna agus rinne mé an obair bhaile, ach níor thuig mé focal Spáinnise ar bith. Bhí deis agam athrú ó Spáinnis go Fraincis. Chuidigh an t-athrú liom ar dtús mar bhí gach duine sa rang ar ais ag an leibhéal céanna arís. Ní raibh mé fágtha i mo dhiaidh go fóill. Fós féin, ní raibh mé in ann aon rud a thuiscint agus ní raibh aon Fhraincis agam seachas na comhráite bréige a d’aithris muid sna ranganna.
Mar thoradh air sin, shroich mé aosacht leis an tuairim a bhfuil ag go leor cainteoirí aonteangacha: Beirtear daoine ilteangach agus níl deis ag na daoine eile teanga nua a fhoghlaim. Níor rugadh mé ilteangach agus ní raibh an deis agam foghlaim ag aois óg. Chaill mé mo dheis agus sin é.
Fós féin, bhí suim agam i dteangacha.
Bhog mé go cathair Nua-Eabhrac mí tar éis mo naoú breithlá dhéag agus d’fhreastail mé ar ollscoil lán le scoláirí iasachta. Bhí ilteangachas i ngach áit agus bhí mé faoi dhraíocht mo phiaraí.
Mhothaigh mé ceangal láidir idir mé féin agus chultúr na hÉireann i gcónaí. Mar gheall ar sin agus an tsuim a bhí agam i dteangacha, bhí Gaeilge suimiúil domsa i gcónaí. Bhí mé ar saoire in Éirinn i 2019 agus tharraing aon rian na teanga m’aird. Bhí Béarla agus Gaeilge ar gach comhartha. Thuig mé cad a bhí scríofa ar na comharthaí as Béarla, ach ba mhian liom an Ghaeilge a thuiscint chomh maith. Mhothaigh mé gurbh fhuair mé spléachadh ar domhan rúnda eile.
D’íoslódáil mé Duolingo níorbh fhada tar éis teacht abhaile agus rinne mé taighde ar conas teanga a fhoghlaim. Tháinig mearbhall orm tar éis cúpla lá. Bhí an iomarca eolais le foghlaim agam. Conas is féidir liom dul ó fhoghlaim ainmneacha dathanna go teanga a labhairt? Cuireadh i gcuimhne dom nár rugadh mé dátheangach. Mar sin, d’éirigh mé as tar éis tamaillín.
É sin ráite, bhí níos mó fonn orm Gaeilge a fhoghlaim ná riamh roimhe sin. I mí Eanáir 2020 bhí gach duine ag plé a gcuid pleananna agus rúin na hAthbhliana mar is gnáth ag tús bliana nua. Bhí an gnáth ‘buzz’ níos géire ná is gnáth mar bhí muid ag tús deich mbliana eile. Bhí fuinneamh san aer agus thosaigh mé ag smaoineamh faoi mo shaol féin. Cad a bhí mise ag iarraidh a dhéanamh nó athrú? Cén saghas duine a bhí mé ag iarraidh a bheith? Smaoinigh mé ar cad a tharlódh mura stop mé ag foghlaim Gaeilge.
Ní gá a rá ach bhain mé triail eile as agus tá a fhios ag madraí an bhaile cén chríoch a bhí ar an scéal sin.
D’éirigh Gaeilge phíosa mór mo shaol ó shin i leith. Thug mé cuairt ar dhá Ghaeltacht, d’fhreastail mé ar chéadta ranganna, ceardlanna agus imeachtaí. Is cuid ollmhór de mo shaol sóisialta í an teanga agus tá go leor cairde agam mar gheall uirthi. Ar dtús, bhí eagla an domhain orm focal a rá os ard agus anois, ní bheinn in ann Gaeilge a bhaint de mo shaol dá ndéanfainn iarracht.
Bhí mé in ann cuid mhór a fhoghlaim faoi Éirinn, faoi chultúr na hÉireann, faoi stair agus fúm féin mar gheall ar an teanga.
Thuig mé m’fhéiniúlacht Éireannach Meiriceánach faoi dheireadh. É sin ráite, bhí mothúcháin casta ormsa faoi sin. Is leath Éireannach mé… agus is leath Pholannach mé chomh maith. Níor mhothaigh mé an nasc céanna idir mé féin agus mo thaobh Polannach. Tá a fhios agam go bhfuil an fhéiniúlacht sin caillte ag mo theaghlach mar gheall ar na cúiseanna a tháinig mo mhuintir go Meiriceá ón bPolainn. Spreag mo thaithí le Gaeilge liom Polainnis a fhoghlaim chomh maith.
Mar sin, thosaigh mé ag foghlaim Polainnise i mí Eanáir 2023. Shíl mé go raibh a fhios agam conas teanga a fhoghlaim ag an bpointe sin. Ní raibh a fhios agam na bealaí go n-athróidh mo shaol tar éis an phointe sin. Ní raibh a fhios agam go mbeadh paindéim i gceann cúpla mhí nuair a thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge agus ní raibh a fhios agam go n-athródh mo shaol arís go gairid tar éis dom tosú ag foghlaim Polainnise.
D’athraigh foghlaim teangacha mo shaol. Bhí taithí agus deiseanna agam nach mbeinn in ann a fháil gan teangacha a fhoghlaim. Anuas ar sin, d’fhás mé mar dhuine mar gheall ar an bpróiseas foghlama agus ag dul as mo ‘comfort zone.’
Bhí an taithí agam teanga a fhoghlaim go gasta agus go mall. D’fhoghlaim mé go leor as an dá thaithí seo agus tá mé ag súil go mór le mo thaithí a roinnt libh.
Fáilte agus go raibh maith agaibh as teacht ar an turas seo liom! ✨
An bhfuil taithí cosúil le mo thaithí féin agat? Ba bhreá liom do scéal a chloisteáil! Agus chuir ‘like’ air más bhain tú sult as. ❤️
⬇️ Leagan fuaime den phostáil seo, á léamh agam - Audio version of this post, read by me ⬇️
Níos mó ó Fhoghlaimeoir:
Why I Don’t Apologize for Being 'Bad' at Speaking Languages
An Fáth Nach Gabhaim Leithscéal as mo Scileanna Teanga
Maith thú. Táim ag foghlaim gaeilge arís tar éis a lán am. Tugann tú inspioráid dom.