This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Is minic a scríobhaim faoi fhéiniúlacht. Scríobhaim faoin fhéiniúlacht atá agam mar gheall ar mo shinsir agus an fhéiniúlacht atá agam toisc gur rugadh mé i Meiriceá.
Fuair mé níos mó féiniúlachtaí mar a d'fhás mé. D’athraigh siad thar na blianta. Bhí mé i mo pháiste, ansin i mo dhéagóir agus anois, tá mé i mo dhuine fásta.
Ní dhearna mé machnamh ar na téarmaí a úsáideann muid chun cur síos a dhéanamh orainn féin do dhaoine eile go dtí gur éirigh mé as mo phost. Bhí an post sin agam ar feadh aon bhliain déag nuair a d’fhág mé é i mí Lúnasa 2024.
Dochtúir. Dlíodóir. Múinteoir. Altra.
Seo iad na chéad chúpla focal a mhúintear dúinn i dteanga nua.
Pléann muid ár n-ainmneacha, cé as muid agus ár bpoist inár gcéad chomhráite.
Ní raibh a fhios agam conas an cheist sin a fhreagairt don chéad chúpla mí ó d’fhág mé mo phost.
Bhí mé ag obair go crua chun saol nua a chruthaigh dom féin. Thosaigh mé an obair sin ón nóiméad a d’fhág mé mo phost. Bhí pléann agam. Bhí deiseanna agus spriocanna agam. Ní raibh aon torthaí agam ón obair sin, áfach. Níor mhothaigh mé go raibh go raibh teideal ar bith tuillte agam go fóill.
Mar is gnáth, d’aimsigh mé an leigheas leis an ngéarchéim eiseach sin sa Ghaeilge.
Cén tslí bheatha atá agat?
Ní raibh suim agam i bpost eile. D’éirigh mé as mo phost chun slí bheatha a chruthú dom féin. Ní féidir liom é sin a chuir in iúl le teideal deas ar chárta gnó. Ní féidir liom téarma a bhaint as liosta poist chun mo shlí bheatha a mhíniú.
Ar feadh míosa, mhothaigh mé go raibh teip orm mar gheall ar sin. Ní tuiscint agam ar m’fhéiniúlacht. Le déanaí, caithim na laethanta ag déanamh oibre tábhachtaí domsa. Tá mo bhillí íoctha. Agus mothaím go bhfuil sé tuillte agam le rá:
Is dearthóir grafach mé. Is scríbhneoir mé. Oibrím trí mheán na Gaeilge.
Bhí sé níos éasca mo shaol a mhíniú roimhe seo, ach tá sé níos éasca an saol seo a chaitheamh.
Ar bhain tú taitneamh as an alt seo? Subscribe agus seolfar gach alt go díreach chuig do bhosca isteach!