An Fáth Nach Gabhaim Leithscéal as mo Scileanna Teanga
Agus cén fáth nár cheart duit leithscéal a ghabháil ach an oiread.
This post is written in the Irish language. To read it in English, click here!
I am not a native Irish speaker. This is a way for me to share my Irish journey with you all and record my growth in the language. ✨
Nuair a phléitear teangacha is minic a deirtear “Tá brón orm, níl Béarla maith agam.” “Tá Sínis bhriste agam.” “Tá droch-Fraincis agam.”
D’fhoghlaim mé roinnt teangacha ag leibhéil éagsúla ach fós féin, níor shíl riamh go raibh mo chuid scileanna teanga lag. Níl mé ag rá go bhfuil mo chuid scileanna teanga níos fearr ná scileanna teanga daoine eile nó go gceapaim go bhfuil mo chuid Gaeilge / mo chuid Polainnise níos fearr ná mar atá.
Tá difríocht mhór idir fhéintuiscint agus fhéincháineadh i mo thuairim. Ag gabháil leithscéil, ag rá go bhfuil ár gcuid scileanna i dteanga “lag”. Is é sin le rá go bhfuil caighdeán éigin ann a bhfuilimid ceaptha a bhaint amach. Ach cén fáth a bhfuil caighdeáin ann?
Is éacht é a bheith in ann teanga ar bith a labhairt nár fhoghlaim muid mar pháiste, fiú mura bhfuil stór focail ollmhór againn agus nach bhfuilimid líofa. Is duine mímhuiníneach mé, agus is minic a cháinim mé féin, ach fós féin, níor mhothaigh mé riamh go raibh mé ‘go dona’ nó go bhfuil teanga ‘briste’ agam.
Is minic a bhím féinchriticiúil agus cuirim go leor brú orm féin a bheith foirfe. Dá bhrí sin, cén fáth a bhfuil dearcadh chomh héagsúil agam maidir le teangacha de?
Ní raibh amhras ar bith orm faoin méid oibre atá déanta agam ó thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge. Chaith mé gach nóiméad saor a bhí agam ag déanamh staidéir. Fiú ag an tús, bhí a fhios agam nach raibh mé ‘go dona’. Ní raibh ach easpa taithí agam maidir leis an teanga de. Creidim é sin fós sa lá atá inniu ann.
An bhfuil mo chuid Gaeilge foirfe? Níl. Ach déarfainn go bhfuil Gaeilge líofa agam. Ní chiallaíonn líofacht foirfeacht i mo thuairimse. Baineann líofacht le héascaíocht. Is éard atá i gceist le ‘líofacht’, i mo thuarimise, ná a bheith in ann an teanga a úsáid go nádúrtha gan stopadh ag smaoineamh.
Ní shíleann muid go bhfuil leanaí lag ó thaobh cúrsaí labhartha de. Is gá dóibh foghlaim níos mó faoin teanga agus faoin saol féin. Tá am de dhíth orainn. Tá neart ama ag teastáil chun fás agus foghlaim.
Thosaigh mé ag foghlaim Polainnise beagnach dhá bhliain ó shin. Tá mé cinnte go raibh mo chuid Gaeilge níos fearr tar éis an méid ama sin caite agam ag foghlaim an teanga. An gciallaíonn sé sin go bhfuil an Pholainnis níos deacra ná an Ghaeilge? Nó an bhfuil mé níos measa mar fhoghlaimeoir anois?
Níl sé sin ciallmhar ar chor ar bith.
Cé go bhféadfadh an t-am a bheith inchomparáide, bhí an bealach gur chaith mé mo chéad bhliain go leith ag foghlaim an dá theanga an-éagsúil. Bhí mé tar éis Gaeilge a fhoghlaim ar feadh cúpla mí nuair a tharla an phaindéim COVID-19 agus d’athraigh sé mo shaol go hiomlán. Bhí mé ag obair sa tionscadal amharclainne ag an am. Bhí mé ag obair 40+ uair gach seachtain agus go tobann, bhí an t-ádh orm dá mbeinn ag obair ar feadh cúpla uair sa tseachtain. Bhí mé i mo chónaí i m'aonar agus ní raibh saol sóisialta ar bith agam. Ní raibh mórán le déanamh agam seachas Gaeilge a fhoghlaim. Anuas ar sin, níor chreid mé go mbeinn in ann teanga a fhoghlaim ar dtús agus bhí ormsa dul chun cinn a dhéanamh chomh gasta agus is féidir liom chun taispeáint dom féin go raibh mé in ann teanga a fhoghlaim. Sin é an t-aon bhealach a bhí mé in ann muinín a bheith agam ionam féin.
Bhí an domhan ar ais ar a sheanléim nuair a thosaigh mé ag foghlaim Polainnise. Bhí post lánaimseartha agam, bhí saol sóisialta agam, bhí mé in ann taisteal, bhí pleananna agam, agus bhí mé ag foghlaim teanga eile anuas ar an bPolainnis. Lena chois sin, tharla rud trámach domsa, d’éirigh mé as an bpost a bhí agam ar feadh aon bhliain déag agus thosaigh mé saol nua… Mar sin de, ní raibh mé in ann an méid céanna ama a chaitheamh ar an bPolainnis is a bhí mé in ann a chaitheamh ar an nGaeilge ag an bpointe sin.
Ach tá sé sin go breá! Ar an ábhar sin, tá difríocht amháin mór a chuidiú liom leis an bPolainnis: Creidim go bhfuil mé in ann teanga a fhoghlaim. Chaith mé níos lú uaireanta an chloig ag foghlaim Polainnise mar chuir mé níos lú brú orm féin í a fhoghlaim. Thug mé cead dom féin machnamh a dhéanamh agus a bheith ag faire amach tríd an bhfuinneog ar thurais charranna fada in ionad a bheith ag stánadh ar luaschártaí. Ní chuireann sé imní orm a bheith ag caitheamh ama le cairde seachas staidéar a dhéanamh. Tugaim cead dom féin an méid gur féidir liom a dhéanamh leis an bhfuinneamh atá agam. Tá a fhios agam go ndéanfaidh mé dul chun cinn níos moille mar gheall ar sin. Ach creidim go bhfuil mo chuid teicnící agus mo chuid tuisceana ar conas foghlaim níos fearr anois ná mar a bhí siad. Tá mé ag caitheamh níos lú ama ag úsáid na scileanna seo agus sin é.
An bhfuil ‘droch-Pholainnis’ agam mar nach féidir liom comhrá bunúsach a bheith agam gan a bheith caillte? An mbeidh mé i mo thosaitheoir go deo?
Ní bheidh!
Glacann sé neart ama chun teanga a fhoghlaim.
Am nár chaith mé go fóill. Chaith mé mo chuid ama ag díriú ar na rudaí tábhachtacha: ag gáire, ag fás, ag caoineadh, ag léiriú grá, ag maireachtáil, agus ag déanamh staidéar ó am go ham.
Ar mhothaigh tú riamh cosúil liomsa? Ar shíl tú go raibh tú lag ó thaobh teangacha de? Níor chóir duit é sin a mhothú! Tá aon bhealach a roghnaíonn muid ár gcuid ama a chaitheamh go maith. ❤️
Roinn an phostáil seo le daoine a bhraitheann ar an mbealach céanna agus ‘like’ an phostáil seo más bhain tú sult as.
⬇️ Leagan fuaime den phostáil seo, á léamh agam - Audio version of this post, read by me ⬇️
Níos mó ó Fhoghlaimeoir:
Irish Language Resource Tier List
My Irish Language Resource Masterlist
“Thug mé cead dom féin .. a bheith ag faire amach tríd an bhfuinneog ar thurais charranna fada in ionad a bheith ag stánadh ar luaschártaí.” 💚💚
And what’s the intriguing diagram after “am go ham”? Not that I wouldn’t understand the rest of the article… 🙃🙃